AN TROSCADH (#13831)

Moladh leat, a Thiarna Dé! achainím ort dar an taispeánadh seo trína ndearnadh solas den dorchadas, trínar tógadh teampall na cuartaíochta, trínar foilsíodh an Taibléad Scríofa, trínar nochtadh an rolla leata, an ní úd a chur anuas ormsa agus orthu siúd atá i mo chuideachta a chuirfidh ar ár gcumas dul ar ardeitilt isteach i neamh do ghlóire tarchéimniúla agus a nífidh dínn smál an chineál amhrais a chuir de bhac ar dhream na mímhuiníne dul isteach i dtaibearnacal d’aontachta. 
Is mise an té, a Thiarna, a choinnigh greim docht ar théad do thrócaire grámhaire, agus a chloígh le fáithim do thaise agus do chuid fabhar. Ordaigh domsa agus do lucht m’ansachta maith an tsaoil seo agus an tsaoil atá le teacht. Cuir ar fáil dóibh, mar sin, an bronntanas folaithe atá ordaithe agat don dream tofa i measc do chuid créatúr. 
Is iad seo, a Thiarna, na laetha ar ordaigh tú do do sheirbhísigh dul i mbun an trosctha lena  linn. Is beannaithe an té ar mar gheall ortsa amháin a théann sé i mbun an trosctha agus é scartha go huile is go hiomlán leis an uile ní ach tú. Cabhraigh liomsa agus leo-san, a Thiarna, a bheith umhal duit agus géilleadh do d’aithintí. Tá ar do chumas, go deimhin, do rogha rud a dhéanamh. 
Níl aon Dia eile ann ach tú an tUile-Fheasach, an tUile-Chríonna. Go raibh an uile mholadh ag Dia, Tiarna an uile shaoil!

-Bahá'u'lláh
-----------------------

